YouTube
by
sadhbhh
Dia dhíbh a chairde agus fáilte is fiche go físeán nó liom péinig Yunitex.
Inniubh ba mhaith liom labhairt fém ríomhleabhar nó DIY Gaeilge
agus conas a thuilleas níos mó ná trí mhíle ocht gcéad euro leis
agus dhá mhíle euro ar lá na láinseála.
Is ríomhleabhar lán d’acfainní é DIY Gaeilge
a dh’fhoilsíos ar an dtriú lá déag do Lúnasa
agus mar a luas
thá ag éirí go hana-mhaith leis.
Cuirfead an nasc thíos.
Cad as go dtáinig an smaoineamh chun an leabhar san a chruthú?
Dh'fhiafraíos díom péin
cén sórt ceisteanna a bhíonn á gcur orm na laethanta so
agus cuirtear ceisteanna fé acfainní i gcónaí orm.
Chaitheas a lán ama ag múineadh daoine tríom léachtsa ‘DIY Gaeilge’ thall ar Zoom
ach shíleas go mbeadh sé ní b’fhearr ríomhleabhar a chruthú
ionas go mbeadh daoine ábalta tabhairt fé ar a ndeis héin.
Sheolas mo leabhar “Anseo”
ar shlí thraidisiúnta i 2019
ach mar le DIY Gaeilge
cheapas go mbeadh ní ba mhó céille
lena láinseáil mar ríomhleabhar
toisc go bhfuil sé dírithe ar chúrsaí ar líne
agus mar leabhar digiteach
bheadh sé ní b’fhusa hipearnaisc a leagadh amach sa téacs.
Conas a thosnaís á scrí?
Do bhí go leor leor le foghlaim agam
mar níor scríos aon ebook riamh cheana.
Ach do bhí an t-ádh orm mar
mar a luas, do fuaireas an inspráid ón léacht a mhúineas cheana héinig.
Mar sin, do bhí tús maith agam
mar do bhí liosta beag cruthaithe agam le cuid desna hacfainní.
Shocraíos ar an ríomhleabhar a chruthú trí Google Docs ar a lán cúiseanna.
Níorbh éigean dom bogearraí eile a cheannach toisc go raibh Google Docs in aisce
do bhíos in ann ‘téacs ancaire’ a dh’úsáid
agus do bhíos ábalta PDF a chruthú gan dua le clár abhair.
Toisc go raibh Google Docs le fáilt go hiomlán ar líne
do bhíos ábalta obair a dhéanamh ar an ríomhleabhar ar pé ríomhaire.
Dh’úsáideas Google Sheets chun na haon rud a dh’eagrú in áit amháin toisc go raibh formhór m’acfainní le fáilt trí naisc.
Chuir sé ar mo chumas a chinntiú go raibh gach nasc beo.
Agus eagarthóireacht á dhéanamh agam
To start learning, sign up for free.
Get started