YouTube
by
MichealAgbaji
Ó, mo dhreoilín,
Ó, mo dhreoilín,
Ite ag an gcat, Fuil ar a smut,
'S gan fágthaí a'm ach cnáimhín.
Ite ag an gcat,' Fuil ar a smut, S gan fágthaí a'm ach cnáimhín.
Ó, mo dhreoilín,
Ó, mo dhreoilín,
Ite ag an gcat,' Fuil ar a smut, S gan fágthaí a'm ach cnáimhín.
Ite ag an gcat,' Fuil ar a smut, S gan fágthaí a'm ach cnáimhín.
Dúidín dáidín,
An ruidín deas a chaill mé,
Go lige Dia na nGrásta
Go bhfaighidh mé aríst é.
Dúidín dáidín, An ruidín deas a chaill mé, Go lige Dia na nGrásta, Go bhfaighidh mé aríst é.
Go bhfaighidh mé aríst é.
Scéilín faoi mo dhreoilín,
Is di do shil mé deoirín,
Nuair a bhuail an cat í,
Is thit sí síos ón ard.
Cibé cén mí-ádh aisteach
A tháinig uirthi taisteal,
Cé 'chreidfeadh go bhféadfadh sí bás 'fháil,
Is mé 'mo sheasamh lena taobh.
Mar 'bheadh cineál magnet ann,
Is ábhar iontais aigne dhom,
An chaoi ar fhág sí an rata,
Is léim sí i mo threo.
An rud is annamh is iontach,
Mar a léim sé ina thintreach,
Thug sé sceilp dá chrúb di,
'S ní raibh fhios aici níos mó.
Ciúnas binn ón éinín,
'S gan inti ach méid mo mhéirín,
Mar 'bheadh éinín Dé ann,
Is í imithe suas ar Neamh.
Sin é críoch mo scéilín,
Scéilín faoi mo dhreoilín,
An chaoi ar ith an cat í
'S nár fhág sé a'm ach cnámh.
To start learning, sign up for free.
Get started